Cúlra
Is cúis bhróid dúinn idir dhaltaí, an fhoireann agus ár dtuismitheoirí go bhfuil an scoil lonnaithe sa bhaile ó 1998 i leith agus í ag dul ó neart go neart. Bhunaigh dream díograiseach Gaelscoil Charraig na Siúire sa bhliain 1998 le seisear daltaí agus príomhoide amháin- daoine le suim san oideachas trí mheán na Gaeilge agus d’ár gcultúr náisiúnta ab ea iad. Ó shin i leith, tá an scoil ag fás agus ag forbairt go leanúnach, ag cur oideachas lán-Ghaeilge den scoth ar fáil do phobal Charraig na Siúire agus an cheantair mhóir. Le blianta beaga anuas, tá borradh agus neart tagtha ar an scoil – cruthúnas ar thiomantas na foirne, tacaíocht na dtuismitheoirí agus dúthracht na ndaltaí. I mbliana, bhronnadh orainn ár bhfoirgneamh nua-aimseartha – spás iontach a léiríonn fís agus todhchaí gheal na scoile. Táimid thar a bheith bródúil as an méid atá bainte amach againn agus táimid ag tnúth go mór leis an gcéad chaibidil eile dár scéal.
Gaelscoil Charraig na Siúire was founded in 1998 with just six pupils and one principal. Since then, the school has gone from strength to strength, growing steadily and becoming a vibrant centre of Irish-medium education in Carrick-on-Suir. This growth reflects the dedication of our staff, the support of our parents, and the enthusiasm of our pupils. This year marked an exciting new chapter in our story as we moved into our fabulous new school building – a modern, spacious environment that will serve and inspire our school community for years to come. We are incredibly proud of how far we’ve come and excited for the future ahead.
